Tá duine de na buachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú an chailín scoile Ana Kriégel ag déanamh achomhairc in aghaidh a chiontaithe. Tá an t-achomharc curtha isteach ag dlíodóirí an bhuachalla, a dtugtar Buachaill B air. 

Ag tús na míosa seo caite, gearradh téarma coinneála cúig bliana déag ar Bhuachaill B faoin dúnmharú agus téarma coinneála saoil ar dhéagóir eile, a dtugtar Buachaill A air. Ciontaíodh iad i mí an Mheithimh.

Fuarthas corp Ana, a bhí ceithre bliana déag, i dteach feirme tréigthe i Leamhcán i mBaile Átha Cliath ar 17 Bealtaine 2018. Bhí sí ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin.

Ciontaíodh Buachaill A in ionsaí foréigneach gnéis a dhéanamh uirthi freisin.