Bhí an deis ann ailse a dhiagnóisiú níos luaithe nó a chosc ar fad i 15% de na cásanna a tháinig faoin athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras scagthástála ailse cheirbheacs. Saineolaithe ón mBreataine thug faoin athbhreithniú a d'ordaigh an Rialtas.

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar níos mó ná míle tástáil ailse cheirbheacs a rinneadh ar mhná sa tír seo.

Agus i gcás 159 cás díobh siúd - nó 15% de chásanna - cailleadh an deis diagnóis a dhéanamh ar ailse ag tráth ní ba luaithe, a deir lucht an athbhreithnithe. 

Deir siad freisin nach raibh torthaí thart ar 300 tástáil as an míle cás a scrúdaíodh an athuair ag teacht leis na chéad torthaí a tugadh do na mná.

D'ordaigh an Rialtas an t-athbhreithnú mar gheall ar an gconspóid a tháinig chun solais nuair a tugadh faoi athbhreithniú eile anuraidh gan na mná lenar bhain siad a chur ar an eolas faoi na torthaí.

Níl an t-athbhreithnú nua seo gan chonspóid, áfach, agus é ráite gur mheasc na saineolaithe roinnt comhad agus iad ina bhun.

Bhí lochtanna móra ar an bpróiseas dar leis an tráchtaire ar chúrsaí sláinte, Marie O'Connor: 

"Tá a fhios againn gur tugadh cuireadh do thart ar thrí mhíle bean páirt a ghlacadh ann. Níor ghlac ach thart ar mhíle duine díobh siúd páirt san athbhreithniú sa deireadh. Agus as an míle duine sin, ní raibh a gcuid torthaí ag teacht leis na torthaí a fuair siad sa deireadh i gcás thart ar 30% de na mná."

Aontaíonn an Teachta Dála Bríd Smith ó Pobal Seachas Brábús leis an méid sin: 

"Níl a fhios againn faoi na mná ar fad nár ghlac páirt san iniúchadh. Ná níl a fhios againn faoi na mná ar fad a ndeachaigh an córas lochtach seo i bhfeidhm orthu tar éis don athbhreithniú críochnú."