Tá imreoirí biongó as áiteanna éagsúla sa tír i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean agus iad ag cur in aghaidh an bhille nua ar chúrsaí cearrbhachais.

Deir siad go laghdófar an méid airgid a íocfar i nduaiseanna leo siúd a bhíonn ag imirt biongó de bharr an bhille agus gur féidir go mbeidh ar na céadta hallaí biongó dúnadh.

Deir an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt David Stanton, áfach, nach nglacann sé leis go mbeidh ar hallaí biongó dúnadh. 

Dar leis nach bhfuil sa bhille ach athrú beag a chinnteos go bhfaigheann carthanais 25% ar a laghad den airgead a shaothraíonn lucht biongó. 

50% ar a mhéid a chaithfear ar dhuaiseanna faoin mbille nua.