Tá síneadh eile 24 uair an chloig curtha leis an tréimhse ar féidir leis na Gardaí i mBaile Átha Cliath Lisa Smith a cheistiú.

Cheadaigh breitheamh sa Chúirt Dúiche an síneadh ama ar maidin.

Bhí an t-iarchomhalta d'Óglaigh na hÉireann sa chúirt don éisteacht agus tugadh ar ais as sin í go dtí Stáisiún Gardaí Sráid Chaoimhín, áit ar féidir í a choinneáil go dtí maidin amárach.

Deir dlíodóirí Lisa Smith go bhfuil sí ag comhoibriú go hiomlán leis na Gardaí agus shéan siad go raibh baint aici le haon eagraíocht sceimhlitheoireachta.