Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aoire an Rialtais Seán Kyne go bhfuil dóthain vótaí ag an Rialtas leis an gceann is fearr a fháil ar an vóta mímhuiníne a chuirfear san Aire Tithíochta Eoghan Murphy anocht.  

57 vóta a chaithfeas an Rialtas a fháil agus tá sé tugtha le fios ag Fianna Fáil go staonfaidh siad sa vóta. 

Fágfaidh sin go mbeidh an Rialtas ag brath ar Theachtaí Neamhspleácha, cosúil le Michael Lowry agus Noel Grealish leis an vóta a bhuachan.

Is ag 10 a chlog anocht sa Dáil a chuirfear an rún mímhuiníne san Aire Murphy.