Tá comhaid á réiteach ag na Gardaí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus do Chúirt Chróineára na Gaillimhe maidir le bás fir os cionn 60 bliain d'aois a bhásaigh i mBaile na hAbhann i gConamara inné.

Charles Townsend ab ainm don té a bhásaigh a raibh seoladh aige i gCo Shligigh.

Scaoileadh saor fear 70 bliain d'aois a bhí á cheistiú i Stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá i nGaillimh ó mhaidin inné gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

Tá scrúdú déanta ag Aonad Teicniúil na nGardaí ar an láthair. 

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag fanacht le toradh an scrúdaithe iarbháis sula socrófar ar an gcéad chéim eile san fhiosrúchán.