Ceaptar go mbeidh muintir Luimnigh in ann méara a thoghadh go díreach ar an gcathair faoi Bhealtaine na bliana 2021.

Sin é an dáta atá leagtha amach ag grúpa comhairleach faoin scéal a tháinig le chéile den chéad uair i Luimneach inniu.

Is iad muintir chathair Luimnigh an t-aon dream a vótáil i bhfabhar cead a bheith acu a méara féin a thoghadh go díreach, nuair a tugadh cead vótála dóibh ar an ábhar i mí na Bealtaine seo caite.

Tugadh an rogha sin do phobal Chorcaí agus Phort Láirge freisin ach shocraigh siadsan an córas a fhágáil mar atá sé. Sa dá chathair sin, roghnaítear an méara taobh istigh de na húdaráis áitiúla.