Dar le Fáilte Éireann, tharraing draíocht na slí 3.7 milliún cuairteoir ón iasacht agus 4.6 milliún cuairteoir as Éirinn i gcaitheamh na bliana 2019. Gineadh ioncam €3 bhilliún anuraidh dá bharr freisin, a deir an áisíneacht. 

Tá an tslí eagraithe go han-mhaith ag an earnáil turasóireachta, agus ar ndóigh tá neart mapaí agus treoirleabhar ar fáil a chuidíonn le daoine taitneamh a bhaint as an tírdhreach creagach sceireach agus as an mbithéagsúlacht faoi leith, gan trácht ar an gcultúr sóisialta.

I gcaitheamh na mblianta go deimhin – diomaite de léarscáilíocht oifigiúil an Stáit – tá mapaí ceannródaíocha cruthaithe ag leithéidí an chartagrafaí aitheanta Tim Robinson d'Árainn, de Chonamara agus de Bhoirinn an Chláir a bhfuil cáil i mbaile is i gcéin orthu. 

Le tréan a dhíograise, chaith an Róibíneach leathar na mbróg ag séadaíocht ó áit go háit, ag breathnóireacht agus ag caint le daoine agus é ag bailiú eolais i gcomhair a chuid léarscáileanna.

Tá an saothar is deireanaí sa traidisiún neamhoifigiúil seo cruthaithe ag cairteoir i Loch Garman a bhfuil mórmhapa cuidsúlach agus dea-mhaisithe d'Acaill agus de Chliara Chontae Mhaigh Eo – agus de na farraigí timpeall orthu – cruthaithe aige. 

Áirítear leithinis an Chorráin, Inis Bigil agus cuid den mhíntír ar an mapa cuimsitheach seo freisin atá dhá oiread níos mó ná mapa na Suirbhéireachta Ordanáis den limistéar céanna.

Image - Acaill, 1:25,000

Acaill, 1:25,000

Image - Cliara, 1:7,500

Cliara, 1:7,500

Image - An Choim, Acaill

An Choim, Acaill

Image - Teach Solais Chliara

Teach Solais Chliara

Cé nach bhfuil aon inseacht ar aoibhneas agus áilleacht Acla agus Chliara, tá gaisce déanta mar sin féin ag an gcairteoir Barry Dalby an oiread de dhinnseanchas agus de dhúchas saibhir an dá oileán – idir thíreolas, bhéaloideas agus Ghaeilge – a thaifeadadh ar aon bhileog ildaite dhéthaobhach amháin.

Deir an cartagrafaí Allen Carroll go gcuireann mapaí faoi dhraíocht sinn mar gheall go n-eagraímid an saol ar bhonn spásúlachta, gur maith linn rudaí a scaradh óna chéile, línte a tharraingt timpeall orthu agus na ceangail eatarthu a fheiceáil lenár dhá súil féin, agus mar gheall go ngriogann siad ár gcéadfaí aeistéitiúla chomh maith.

Tugann an scoláire Denis Wood foláireamh dúinn, áfach, gur féidir leis an mapa a bheith ina údar conspóide. Deir sé gur iarracht atá sa mhapa go minic ag aicmí caomhacha nó aicmí radacacha an t-ord sóisialta a atáirgeadh nó a chur as a riocht de réir a mianta féin.

Image - Barry Dalby

Barry Dalby

In éineacht le hathruithe móra socheolaíochta, tá malairt crutha ag teacht ar thírdhreach na hÉireann. Tá nósanna feirmeoireachta ag athrú, bóithre nua ag gearradh trasna na tíre agus ceantair dhlúthchónaithe nua á leagan amach an t-am ar fad. 

Sna cúinsí nua-aoiseacha seo, deighiltear comharsanachtaí stairiúla óna chéile agus cailltear mion-logainmneacha – páirceanna, srutháin agus araile. Ina fhianaise sin, creideann Barry go bhfuil sé fíorthábhachtach an dinnseanchas a thaifeadadh gan mhoill sula ligfear chun dearmaid é.

Is é an modh oibre atá ag Barry mapaí a dhearadh de cheantair sciamhacha a bhfuil spéis ag daoine iontu agus ar féidir leo dul ag siúl agus ag cnocadóireacht iontu. 

Chuige sin, díríonn sé ar cheantair shléibhe agus ar an gcósta den chuid is mó, seachas ceantair mhóra feirme i lár tíre ná móintigh. Tar éis an tsaoil – de bharr nach bhfaigheann sé aon mhaoiniú poiblí – caithfidh sé na mapaí a dhíol! 

Chomh maith le hAcaill agus Cliara, tá mapaí de cheantair éagsúla i gCill Mhantáin, de Shléibhte an Chomaraigh, den Staighre Dubh, de Néifinn agus de chonair na Tána i gCuaille, Co Lú, foilsithe ag Barry agus a chomhlacht East West Mapping.

Image - An réamhstaidéar

An réamhstaidéar

In urthosach na hoibre, agus limistéar roghnaithe aige, ceadaíonn Barry íomhánna ón aer atá glactha ag leithéidí an chomhlachta Bluesky Ireland, comhlacht suirbhéireachta a chuireann sonraí ardchaighdeáin tíreolaíochta ar fáil. 

Tarraingíonn sé freisin as na foinsí foilsithe éagsúla sula mbuaileann sé bóthar le dul sa tóir ar sheanchaí agus ar dhaoine eile a mbeadh cur amach acu ar stair na háite.

Is mór an cúnamh é Bailiúchán na Scol, a deir sé. Cnuasach béaloidis agus seanchais a bhailigh daltaí i scoileanna náisiúnta na tíre idir na blianta 1936 agus 1939 atá sa bhailiúchán seo agus ar taisce iontach eolais é do leithéid an cheardaí cairteoireachta.

I dtaca le dinnseanchas Acla agus Chliara de, bhí Logainmneacha Mhaigh Eo le Fiachra Mac Gabhann ina threoirleabhar an-fhóinteach agus é i mbun na réamhoibre, a deir Barry. 

Image -
Image -
Image - Barry Dalby i mbun a chuid oibre páirce

Barry Dalby i mbun a chuid oibre páirce

Agus é i mbun oibre páirce, bíonn Barry ag brath ar shlabhra teagmhála sóisialta. Cuireann faisnéiseoirí áitiúla daoine eile a tógadh sa cheantar in aithne dó agus is de réir a chéile a bhailíonn sé an dinnseanchas uathu. Go minic, is feirmeoirí nó iascairí iad a bhaineadh leas as gnéithe aiceanta – carraig, cnoc nó uaimh – mar shuíomhchomharthaí.

Scrúdaíonn Barry an oiread de na gnéithe tíreolaíochta agus is féidir leis lena shúil féin agus lena Ghléas Suite Domhanda chun cuid de na sonraí atá sna híomhánna a glacadh ón aer a dhearbhú. 

Is mó faisnéis a bhailigh sé ó dhaoine i gCliara ná in Acaill, a deir sé, mar go raibh sé níos áisiúla agus níos praiticiúla aige bóithreoireacht agus bothántaíocht a dhéanamh ann de bharr é a bheith níos lú. 

Image -

Íomhá ortafóta de cheantar na Céibhe in oirthear Chliara. Tá sceir Leic na mBó le feiceáil ar an taobh ó thuaidh den trá, an pháirc CLG siar ón trá agus tá Caisleán Ghráinne [Ní Mháille] le sonrú ag bun na céibhe, chomh maith le neart iomairí fataí ón 19ú céad. (Le caoinchead Acadamh Ríoga na hÉireann)

Image -

Samhail dhigiteach dromchla den cheantar céanna thuas. Tugann íomhá den sórt seo eolas cruinn faoi chruth na talún agus is féidir leis an gcairteoir imlínte a tharraingt dá réir. (Le caoinchead Acadamh Ríoga na hÉireann)

Image - Ceantar na céibhe, Cliara

Ceantar na céibhe, Cliara

Agus an mapa á chur i dtoll a chéile aige, b'éigean do Barry dul i ngleic leis na leaganacha éagsúla ar na logainmneacha. San iarthar, go háirithe, tá idir leaganacha Gaeilge agus leaganacha galldaithe ag an bpobal i gcónaí. 

Go hachomair, baineann sé leas as an ainm Gaeilge más é atá ag an bpobal nó más gaire don Ghaeilge ná don Bhéarla an fhoghraíocht áitiúil agus vice versa. I roinnt cásanna, meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla atá aige.

Image -

Tar éis dó an t-ábhar ar fad a thabhairt le chéile – idir fhoinsí foilsithe agus a chuid oibre féin – mórléarscáil mhealltach dar tomhas ceintiméadrach 1:25,000 d'Acaill agus 1:7,500 de Chliara a chruthaigh sé. Is ionann gach ceintiméadar ar mhapa Acla agus 250 méadar talún. Scála níos mó fós de Chliara atá ann – is ionann ceintiméadar agus 75 méadar sa chás sin.

Cé gur geall le brat Bhríde í nuair a leathann tú amach an léarscáil, níl sí baileach seacht míle ar fhad ná seacht míle ar leithead murab ionann agus brat sin an tseanchais!

Tá méid scaraoide a chlúdódh bord beag inti ina dhiaidh sin féin – 1.375 méadar ar fhad agus 0.82 méadar ar leithead.

Tomhas i bhfad níos lú – 1:50,000 – atá i léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis den limistéar céanna.

Deir Barry go mbíodh a chuid mapaí á gclóbhualadh in Éirinn ach gur éirigh comhlachtaí sa tír seo as iad a fhilleadh le linn an chúlú eacnamaíochta is deireanaí. Is é an comhlacht Dennis Maps i mbaile Froome i Somerset i Sasana a chlóbhuaileann a chuid léarscáileanna anois.

Chomh maith lena bhfuil ann d'oidhreacht an réigiúin, is acmhainn é an mapa seo le haghaidh na nua-aoise freisin agus feidhm chomhaimseartha leis. Tá an mioneolas faoi na cnoic, na conairí, na gleannta, na bealaí cósta agus na tránnna thar a bheith fóinteach d'fhámairí – idir shiúlóirí, rothaithe agus lucht dianaclaíochta.

Image -

Chuige sin, is féidir an léarscáil a cheadú ar aip East West Maps agus leas a bhaint as na saoráidí digiteacha a théann léi. 

Tá luach an tsaothair mhóir le sonrú sna híomhánna seo ón eagrán páipéir den mhapa:

Image - An Choim, Acaill

An Choim, Acaill

Image - Dumha Acha, Acaill

Dumha Acha, Acaill

Image - An Caol, Acaill

An Caol, Acaill

Image - Tuaisceart Chliara

Tuaisceart Chliara

Image - Inis Bigil

Inis Bigil

Image - Oirdheisceart Acla

Oirdheisceart Acla


Mapa tíre agus farraige é seo ina bhfuil dúchas ar leith an limistéir le sonrú sna logainmneacha. Ba liosta lena áireamh a bhfuil sna logainmneacha ach tugann na samplaí a phléitear anseo léargas éigin ar an saol mar a bhí in Acaill agus i gCliara. 

Áirítear thíos gnéithe tíreolaíochta a hainmníodh as daoine nach maireann; gnéithe a bhaineann le hainmhithe agus talmhaíocht; agus gnéithe eile fós ar samhlacha iad, i measc go leor eile.

Daoine áitiúla:

Acaill: Ailt Mháire Bhreathnaí; Sruthán Bhiddy Anna; Teach Dhiarmaid an Reatha; Uaimh P[h]at Shéamuis Phádraig. 

Cliara: Carraig Antoine Seoige; Currach Mháire Ní Mháille, Tanaí Niocláis; Uaich Chaitríona. 

Ainmhithe agus Talmhaíocht:

Acaill: Carraig na bPortán; Fothair na gCon; Inis Gealbhan; Pollach na nGabhar.

Cliara: Aill na mBairneach; Port Tairbh; Sceilp na gCaorach; Strapa na nUan. 

Samhlacha:

Acaill: Biorán Géar; Fiacail; Inneoin; Scornach na Scainimhín. 

Cliara: Ceann an tSeimhdile; Gabhal na hAscaille; Gualainn; Ladhaire Mhuire. 

Marcáiltear ar an mapa freisin na háiteanna san fharraige ar briseadh báid agus an bhliain ar bádh gach ceann acu, fearacht:  

Acaill: Clyde of Glasgow 1847; Flying Cloud 1896; Pride of Cratlagh 1951; Lios Cearra 1979. 

Cliara: El Gran Grin 1588; Ross End 1985. 

Image - Báid a briseadh amach ó Cheann Acla

Báid a briseadh amach ó Cheann Acla

Chomh maith le tíreolas, is iomaí logainm ar an mapa a thugann eolas ar chanúintí Gaeilge an dá oileán. Mar a scríobhadh anseo cheana, bhí go leor canúintí Gaeilge in Éirinn agus bhí éagsúlachtaí eatarthu sa stór focal, sna briathra, sna réamhfhocail, sna hainmfhocail agus sna fuaimeanna nó an fhóineolaíocht.

Bhíodh Gaeilge á labhairt mar theanga phobail in Acaill go dtí blianta tosaigh an chéid seo caite. Ceann de na gnéithe is suntasaí i nGaeilge Acla is ea an úrshraith de Ghaeilge Chúige Uladh atá inti.

Sa 17ú céad, aimsir Chromail, díbríodh na Gaeil ón talamh méith i gCúige Uladh agus theith siad ó dheas go háiteanna ar nós Acla, mar ar chuir siad fúthu, go háirithe sa taobh thoir den oileán agus sa Chorrán. 

Ag tús na ré sin, bhí dhá chanúint Ghaeilge á labhairt in Acaill – an chanúint dhúchasach agus an chanúint a thug na hUltaigh aduaidh leo.

Image - Muintir Acla, 1890 (Pic: Getty)

Muintir Acla, 1890 (Pic: Getty)

Conallaigh a bhí i gcuid mhór de na teifigh Ultacha agus maireann cuid dá sloinnte ar an oileán agus sa cheantar máguaird go fóill – Mag Fhionntaigh, Ó Gallchóir agus Mac Eachmharcaigh, mar shampla – go háirithe sa taobh thoir.

Leag na hUltaigh amach gabháltais nua agus bhí dhá ainm ar feadh scaithimh ar roinnt bailte fearainn dá bharr sin – an t-ainm dúchasach agus ceann nua a chum na hinimircigh.

Is nós Ultach é an iarmhír -óg nó -eog a chur le hainmfhocail nó a chur in áit deiridh eile. I dtaca le logainmneacha de, tá Fiodán na Driseoige in Acaill, agus tá Loch na bhFaoileog ar leithinis an Chorráin – mar a raibh an chanúint Ultach níos láidre – ach Gob na bhFaoileán in iarthar Acla.

Sa Chorrán freisin, tá an baile fearainn Béal Feirste. Fuaimnítear an dara focal mar "Feairste."

Image - Na foinsí oidhreachta agus logainmneacha

Na foinsí oidhreachta agus logainmneacha

Gné an-tábhachtach de shaol feirmeoireachta an oileáin ab ea an buailteachas agus tá sin le sonrú sna logainmneacha An Seanbhaile agus Buaile an Ghleanna. Is ar an seanbhaile, ar thalamh íseal, a chónaíodh daoine trí ráithe na bliana agus ar an an mbuaile in éineacht lena n-airnéis ar thalamh ard, nó ar shliabh, sa samhradh.

Thagadh muintir Inis Gé aduaidh go hAcaill sa samhradh lena gcuid beithíoch a chur ar buaile agus le dul i mbun gliomadóireachta agus tá an t-áitreabh a bhí acu in iarthuaisceart Acla marcáilte ar an léarscáil ag Bun an Bhuacáin.

Ba mhór i gceist é saol na farraige agus d'fhéadfadh eolas cruinn faoi ghnéithe ar muir bádóirí a thabhairt slán. Mar shampla, tugann Maidhm Aon Fheá le fios, amach ó chósta theas an Chorráin, go bhfuil doimhneacht sé troithe san fharraige os cionn carraige ansin. 

Image -

Liamháin ghréine ag monarcha ola sa Chaol, Acaill, 1954. Bhaintí leas as ola ae an liamháin ghréine le lampaí a lasadh. (Pic: Getty)

Sonraítear go leor gníomhaíochtaí eile sna logainmneacha chomh maith. I dtaca le cúrsaí bia de, tá Fiodán na Sméar ann, áit a gcruinnítí sméara, agus ní foláir nó tá iasc flúirseach i bPoll na mBreac Geal agus is léir go bhfuil beirtreach i nGob Rinn na nOistrí. 

Ag Poll an Dubhaigh, is cosúil go dtarraingítí uisce dubh as an bportach le héadach a dhathú, agus tugann Cosán Cailín Riada in iarthuaisceart Acla le fios go raibh cailín aimsire ag muintir Riada. 

Is iomaí tubaiste a bhain do mhuintir Acla ar ndóigh, mar a thugann Gob na nDaoine Báite le fios. Tá Gob na bPáistí ann freisin agus d'fhéadfadh sé gur ann a bádh páistí nó gur ann a bhíodh óg na háite ag súgradh nó ag cladóireacht. 

Image - Dumha Acha, Acaill, 1903 (Pic: Getty)

Dumha Acha, Acaill, 1903 (Pic: Getty)

Gné an-suntasach de thírdhreach Acla is ea an dumhach agus tá sin le sonrú i riar mhaith logainmneacha ann – Dumha Acha, Dumha Éige agus Dumha Goirt, mar shampla. Is é "dumha[igh]" an leagan tabharthach den bhun-ainmfhocal "dumhach." 

Image - Leabhar Ghearóid Stockman ar Ghaeilge Acla, 1974

Leabhar Ghearóid Stockman ar Ghaeilge Acla, 1974

Image -

Sliocht san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta as leabhar Stockman. Baineann teangeolaithe leas as an aibítir sin – ar cód é  le foghraíocht teanga labhartha a léiriú. Is féidir tús an tsleachta a thrascríobh in ortagrafaíocht na Gaeilge mar "Bhímis ag baint fataí i dtús bliana thart ar mhí mheáin an tsamhraidh ... ." Baineann an sliocht le spailpínteacht in Albain.

Cé go bhfuil neart eolais againn ar chanúint Acla, ar an drochuair níl mórán ar eolas againn faoi Ghaeilge Chliara mar nach bhfuil aon taifeadtaí fuaime againn di. Tuigtear gur thaifead Tomás de Bhaldraithe an cainteoir deireanach sna 1950í – bean scothaosta – ach tá an téip imithe amú de réir dealraimh.

Mar sin féin, is féidir roinnt foirmeacha canúna a dhearbhú ó fhoinsí eile. Mar chuid de mhórshuirbhé cuimsitheach ar Chliara a rinneadh faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann ag tús an chéid seo caite, bhailigh Eoin Mac Néill eolas faoi logainmneacha an oileáin. Tá curtha go mór le hobair Mhic Néill ó shin ag Nollaig Ó Muraíle.

Nuair a bhí Mac Néill i gCliara, ní raibh fanta ach duine amháin a bhí aonteangach sa Ghaeilge – Margaret Prendergast, a bhí thart ar 70 bliain d'aois ag an am. Dátheangaigh ab ea a clann agus daoine meánaosta eile, ach dúirt Mac Néill nach raibh ach smeadar Gaeilge ag daoine óga an oileáin faoin am sin.

Mar a chonaic Mac Néill, nuair atá sé riachtanach ag gach duine sa phobal a bheith dátheangach, ní bhíonn feidhm níos mó leis mionteanga. Sin an taithí atá ar an dátheangachas dealaitheach seo in Éirinn leis na céadta bliain agus sin é an treocht atá faoi chúrsaí mionteanga ar fud an domhain go fóill. 

Thug Mac Néill le fios go raibh Gaeilge Chliara cosúil le Gaeilge Phartraí agus Gaeilge Dhúiche Sheoigheach. Mhaígh sé freisin gur go raibh rian beag Ultach ar fhoghraíocht Ghaeilge Chliara.

Image - Eoin Mac Néill

Eoin Mac Néill

Cuas cois cladaigh is brí le "uaich / uaiche" atá thar a bheith coitianta i measc logainmneacha Chliara – Uaich Bhratais, Uaich na Drise, Uaiche Dhubh agus Uaiche na Madadh, mar shampla.

"Uaimh" atá sa bhunfhocal a thit le chéile leis an bhfocal "uaigh."

In Acaill, chomh maith le "uaich," tá an bunleagan "uaimh" ann – Uaimh na gCoinneal, Uaimh Chroim, Uaimh na Rópaí agus Uaimh an Uisce, mar shampla. 

Cé nach léir "uaimh" a bheith i gCliara, tá Gob an Uaimín ann. Leagan díshéimhithe agus díspeagtha de "uaimh" is ea "uaimín." I gConamara, cairéilín beag graibhéil is brí le "uaimín."

Leagan eile de "uaich" is ea "ua" agus tá leithéidí Ua Lochlann agus Ua Nápla i gCliara freisin. Ainm mná – leagan Gaeilge d'Annabelle – is ea Nápla nach bhfuil coitianta níos mó.

Image - "Uaimh" agus "Uaich" in Acaill

"Uaimh" agus "Uaich" in Acaill

Gné eile atá fíorchoitianta ar an dá oileán ar ndóigh is ea an aill. Go deimhin, is é "aill" atá sna logainmneacha i gCliara – Aill Leathú, Aill Tarbh agus Dún Aille, mar shampla. Ach is é "ailt" atá sna logainmneacha in Acaill – Ailt Bhán, Ailt an Mhianaigh agus Ailt Sheáin Mhic Thaidhg, mar shampla.

Deighilt canúineolaíochta idir an dá oileán mar sin atá sna logainmneacha maidir leis an ngné tíreolaíochta áirithe sin.

Tá logainmneacha suntasacha eile i gCliara freisin. Tá Siorra agus Siorráin ann – ar líonán nó sceir é. 

Tugann Leic na Creathnaí le fios gur leac í a mbaineadh daoine creathnach nó duileasc uirthi le n-ithe.

Image - Tuaisceart Chliara

Tuaisceart Chliara

Tá Pádraig Ó Cearbhaill, Príomhoifigeach an Bhrainse Logainmneacha, an-tógtha le saothar Barry Dalby agus deir sé go bhfuil éacht déanta aige an oiread de logainmneacha an dá oileán agus an Chorráin a chur ar aon mhapa amháin. Tá dúchas ar leith na háite le sonrú i leithéidí Loch an Bhacaigh, Tobar an Níocháin agus Uaich na gCos Sleamhain, a deir sé.

Tugann Pádraig suntas ar leith do na logainmneacha in Acaill a thagraíonn do mhná, ar nós Mám na mBan agus Creig na mBan. Rud annamh é tagairt do mhná i logainmneacha, a deir sé.

Image - An Dr Pádraig Ó Cearbhaill ag scrúdú an mhapa

An Dr Pádraig Ó Cearbhaill ag scrúdú an mhapa

Deir sé go ndearna Fiachra Mac Gabhann obair cheannródaíoch ag bailiú logainmneacha i gCo Mhaigh Eo ach nach bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó le linn a bheo. Go deimhin, tá deich n-imleabhar i saothar Mhic Gabhann, ceann acu tiomanta d'Acaill a bhfuil thart ar 1,400 logainm ann. 

Deir sé gur sna háiteanna is lú athruithe socheolaíochta is mó a fhaightear an dinnseanchas beo agus daoine a bhaineann feidhm i gcónaí as logainmneacha. 

Dar ndóigh, is athrú mór socheolaíochta é an t-aistriú ó Ghaeilge go Béarla mar theanga phobail, agus dá réir sin le meath na Gaeilge cailltear go leor logainmneacha. Ar an mórgóir, san áit is faide ar mhair an Ghaeilge is mó a fhaightear eolas ar logainmneacha. 

Tarraingíonn Pádraig Ó Cearbhaill aird, áfach, ar an éagothroime litrithe ar mhapa Barry Dalby agus an úsáid mhírialta, scaití, a bhaineann an cairteoir as litriú foghraíochtúil agus neamhoifigúil.

Ina dhiaidh sin féin, tuigeann Barry luach an tseanfhocail "ní tuíodóir go cúinne is ní fíodóir go súsa. "Tá logainmneacha in Acaill á mbailiú agus á mbeachtú i gcónaí aige agus tá an leagan digiteach den mhapa á nuashonrú aige de réir a chéile. Foilseofar an leagan is beaichte ar pháipéar amach anseo, a deir sé.

Idir an dá linn, tá dhá léarscáil nua de cheantair na nGaibhlte agus Chnoc Mhaoldomhnaigh díreach foilsithe aige. 

Agus is gearr go mbeidh sé ag ionsaí siar arís agus é i mbun na réamhoibre do léarscáil nua d'uachtair Chonamara. "Dá dtéinnse siar is aniar ní thiocfainn, ar an gcnoc ab airde is air a sheasfainn ... ."

Image - Radharc ar Chuan Bhaile na Cille agus ar Chnoc Leitreach, Conamara (Pic: Getty)

Radharc ar Chuan Bhaile na Cille agus ar Chnoc Leitreach, Conamara (Pic: Getty)

Lón breá intleachta agus cultúir, mar sin, atá Barry Dalby a sholáthar dúinn agus táimid go mór faoi chomaoin aige. 

Beidh séan ar obair mhaith choíche!

Tuairisceoireacht bhreise: Irene Ní Nualláin