Deir na Gardaí i nGaillimh go socróidh toradh scrúdaithe iarbháis céard í an chéad chéim eile ina gcuid fiosrúchán faoi bhás fir ag crosbhóthar na Tulaí i mBaile na hAbhann i gConamara.

Cuireadh cóir leighis ar an bhfear, a bhí le cois 60 bliain d'aois, de bharr ionsaithe a líomhnaítear a rinneadh air i dteach ar maidin inné. Bhásaigh sé níos deireanaí san ospidéal.

Tá fear eile atá le cois 70 bliain d'aois á cheistiú faoin eachtra ag na Gardaí.