Tá sé deimhníthe ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) nach mbeidh an príomhfheidhmeannach nuacheaptha John Foley ag glacadh lena chuid cúraimí.

Bhí John Foley le dul i mbun dualgais inniu agus é le teacht i gcomharbacht ar Noel Mooney ar chríochnaigh a théarma oifige ag an deireadh seachtaine.

Bhí an príomhfheidhmeannach nua le labhairt leis an bhfoireann i gceannáras an Chumainn i mBaile an Aba i mBaile Átha Claith ar maidin, ach chuir sé in iúl roimhe sin nach mbeadh sé ag glacadh leis an gcúram.

An tseachtain seo caite, deimhníodh go raibh an t-iniúchadh neamhspleách a d'iarr Spórt Éireann a dhéanamh faoin gCumann tugtha ar láimh do na Gardaí.