Tá an bhean Éireannach Lisa Smith a díbríodh as an Tuirc ar maidin inné á ceistiú ag Gardaí arís inniu i stáisiún Gardaí Shráid Chaoimhín i mBaile Átha Cliath.

Iarchomhalta d'Óglaigh na hÉireann is ea Lisa Smith, 38 bliain d'aois, agus tá sí á ceistiú faoi choireanna sceimhlitheoireachta thar lear. Is féidir í a cheistiú ar feadh suas le trí lá. 

Tháinig a hiníon dhá bhliain d'aois abhaile léi inné agus tá daoine muinteartha ag tabhairt aire di faoi láthair.  

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan gur cás íogair a bhí ann agus go raibh na háisíneachtaí cuí Stáit ar fad páirteach ann. 

Tá Lisa Smith á ceistiú faoina cuid gníomhaíochtaí agus faoin gcumarsáid a bhí aici le daoine san Afraic, san Eoraip, sa Mheánoirthear agus in Éirinn ó d'iompaigh sí ar an gcreideamh Moslamach roinnt blianta ó shin. 

Cuireadh ceithre huaire fichead eile lena tréimhse ceistithe ar maidin.

Dúirt a dlíodóir Darragh Mackin go bhfuil sé róluath a rá,an mbeadh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag tabhairt cáis ina coinne.