Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na póilíní sa Tuaisceart i dtaca le bás naíonáin sa Chéide i gCo Ard Mhacha Dé Máirt seo caite.

Deir na póilíní gur léirigh an scrúdú iarbháis ar an mbuachaill óg a críochnaíodh inné gur dúnmharú a bhí ann. Aon mhí dhéag d'aois a bhí an leanbh, Hunter McGleenon.

Deir siad gur ghabh siad fear 31 bliain d'aois faoin gcás agus go bhfuil sé fós á cheistiú acu. 

Tá siad sa tóir ar charr bán den déanamh BMW 5 atá cláraithe i mBaile Átha Cliath mar chuid dá bhfiosrúchán.