Tá lánúin curtha ar a dtriail i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath faoi bheith freagrach as timpeallghearradh a dhéanamh ar a n-iníon, nuair a bhí sí bliain d'aois.

Tá an fear 37 bliain agus an bhean (27)ag pléadáil neamhchiontach. 

Deirtear gur tharla an eachtra ag láthair i mBaile Átha Cliath ar an 16ú Meán Fómhair, 2016.

Phleádáil siad neamhchiontach freisin faoi bheith cruálach leis an bpáiste ar an dáta céanna.