Tá achomharc in aghaidh an bhille cánach a fuair sé ó Bhiúró na Sóchmhainní Coiriúla caillte ag an gcoirpeach Martin 'Viper' Foley.

€738,449 de bhille atá i gceist.

Cáin agus ús atá i gceist leis seo, bainteach le blianta 1993-94 agus 1999-2000.

Rialaigh Cúirt na n-Achomharc Coiriúil inniu nach raibh aon chás ag Foley.

Tá ordú le cur i bhfeidhm ag an mBiúró anois chun an cháin sin a bhailiú.

Tá eolas go forleathan ar Martin 'Viper' Foley mar choirpeach i sochaí na tíre seo.

Ciontaíodh é i gcásanna coiriúla suas le 40 huair ar fad.

Rinneadh iarracht é a dhúnmharú roinnt babhtaí.

Bhí sé ina bhall freisin de bhuíon coirpeach a raibh Martin Cahill nó 'The General' i gceannas air.