I ráiteas a léadh lasmuigh den chúirt inniu dúirt athair Natasha Perie, Peter go raibh cuid mhór tráma agus briseadh croí le bás a hiníne don teaghlach uilig, ach go speisialta dá cuid páistí.

'Bhí súil againn go gcasfaí as an t-inneall' a dúirt sé 'le go bhféadfadh muid Natasha agus a páiste sa bhroinn a adhlacadh le dínit'.

'Ach ina áit sin bhí orainn Oíche Nollag agus Lá'il Stiofáin i 2014 a chaitheamh sa chúirt', a dúirt Peter Perie.

'Don bheirt pháistí le Natasha atá fós beo' a dúirt sé, 'samhlóidh siad an Nollaig i gcónaí le bás a máthar'.

Luaigh Peter Perie an Coiste Cróinéara faoi bhás Natasha a bhí ann i Meán Fómhair 2015, a bhí 'uafásach' agus a 'chuir as go mór don teaghlach' a dúirt sé.

Maidir leis na meáin chumarsáide, dúirt Peter Perie go raibh a bhformhór measúil, ach gur caitheadh go dona leis an teaghlach ar na meáin shóisialta.