Tá a leithscéal gafa ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ospidéal Réigiúnach Mhuileann gCearr le teaghlach, Natasha Perie,bean a bhí ag iompar páiste agus a coinníodh beo mar gheall ar imní faoi impleachtaí don 8ú leasú ar an mBunreacht.

26 bliain d'aois a bhí Natasha Perie ag an am agus í 15 seachtainí torrach,nuair a phléasc cist a bhí ar a hinchinn agus d'fhág go raibh sí gan aithne gan urlabhra.

Theastaigh óna muintir go gcasfaí as an t-inneall a bhí á coinneáil beo, ach dhiúltaigh údaráis an ospidéil sin a dhéanamh.

Teaghlach Natasha Perie lasmuigh de na 4 Cúirteanna inniu

4 seachtainí a chaith Natasha Perie ar an inneall, agus chuir sé seo as go mór don teaghlach, go háirithe iníon na mná a bhí 6 bliana d'aois ag an am a dúradh.

Faoi dheireadh, fuair an teaghlach Rialú Ard Chúirte ar a son i Nollaig na bliana 2014 go gcasfaí as an t-inneall.