Tá achainí poiblí á dhéanamh ag na gardaí ar thóir eolais maidir lena bhfiosrúchán dúnmharaithe i Leamhcán in iarthar Cho.Bhaile Átha Cliath.
Fuarthas corp fir oíche arú aréir i gcarr a bhí dóite amach.
Tuigtear gurbh amhlaidh a sádh an fear.
Níl an té a dúnmharaíodh aitheanta go foirmeálta go fóill.
Tá sé i gceist ag na gardaí preasagallamh a reachtáil ag Stáisiún an Gharda Síochána i Leamhcán luath tráthnóna inniu.