Tá báisteach throm á tuar do roinnt contaetha i ndeisceart na tíre.

Beidh stádais oráiste agus buí i bhfeidhm óna 3 a'chlog tráthnóna go dtí a 6 a chlog tráthnóna amárach.

Is do chontaetha Thiobraid Árann agus Phort Láirge atá an stádas oráiste luaite, agus tá an stádas buí luaite do chontaetha Chill Chainnigh, Loch Garman agus Chorcaí.

Tá baol tuilte ag amanna áirithe sna réigiúin seo.