Tá toscaireacht ón stáisiún clasaiceach, LyricFM tar éis bualadh le baill de Thithe an Oireachtais i dTeach Laighean.

Tá seo mar chuid dá bhfeachtas le LyricFM a choinneáil i Luimneach.

Is faoi choimirice an chraoltóra náisiúnta, RTÉ atá LyricFM agus d'fhógair RTÉ le gairid go bhfuil sé le hoifig Lyric a dhúnadh i Luimneach, agus gur ó Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh a bheidh cláracha á soláthar ag an stáisiún sin feasta.

D'fhógair RTÉ le gairid go bhfuil LyricFM le bogadh ó chathair Luimnigh

Deir foireann LyricFM áfach gur chun aimhleas an stáisiúin é ó thaobh na táirgiúlachta de, cinneadh RTÉ.

Is cinneadh é freisin a deirtear a bhfuil impleachtaí aige do fhoireann an stáisiúin a bhfuil cúraimí clainne agus teaghlaigh orthu i Luimneach.

Tá tacaíocht léirithe ag roinnt polaiteoirí do chás Lyric, ina measc na teachtaí ó chontae an Chláir, Timmy Dooley (FF) agus Michael Harty (Neamhspleách) a d'iarr ar RTÉ smaoineamh in athuair ar an gcinneadh seo.