Níl ionchúisitheoirí sa tSualainn chun leanacht lena bhfiosrúchan faoi Julian Assange, comh-bhunaitheoir Wikileaks a bhfuil éigniú curtha ina leith.

Tháinig an líomhain chun cinn i 2010.

Tá Assange, fear 48 bliain d'aois ón Astráil ag séanadh a bhfuil curtha ina leith.

Le 7 mbliana anuas bhí an tSualainn ag iarraidh go n-eiseachadfaí é ón Bhreatain, agus bhí tearmann á fháil aige in Ambasáid Eacuadór i Londain go dtí gur dibríodh é i mBealtaine seo caite.

Throid Assange a eiseachadadh chun na Sulainne ar feadh 7 mbliana

Gearradh 50 seachtainí de théarma príosúnachta air faoi bheith ag sárú coinníolacha a chuid bannaí.

Tá Assange á choinneáil faoi láthair i bPríosún Belmarsh.