Tá an Rialtas tar éis an conradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a shíniú.

Ciallaíonn seo  go gcuirfear ceangal leathanbhanda d'ardluas ar fáil d'os cionn 500,000 ionad sa tír nach bhfuil leathanbhanda ar fáil dóibh.

500,000 ionad breise sa tír le leathanbhanda d'ard luas a fháil

Is é an cuibhreannas 'National Broadband Ireland' a bheidh i mbun na seirbhíse seo, agus ba chóir go gcuirfeadh sé tús leis an bpróiseas 7 mbliana oibre i mí Eanáir.

Síníodh an conradh ag scoil sa Láithreach i gCo.Chill Mhantáin ar maidin.

€3bn atá an plean seo ag cosaint.

Tá sé ráite ag an Teachta Hildegarde Naughton, atá ina cathaoirleach ar Choiste Cumarsáide an Rialtais, go bhfuil cosaint curtha sa bplean leathanbhanda don cháiníocóir.

An Teachta Hildegarde Naughton

Bhí sí ag labhairt ar chlár raidió de chuid RTÉ ar maidin.

Dúirt An Tánaiste Simon Coveney go gcuirfidh an plean Náisiúnta Leathanbhanda deireadh le méadú na bearna sa réimse seo cumarsáide, idir ceantair uirbeach agus ceantair thuaithe.