Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na gardaí, maidir le bás fir a bhfuarthas a chorp i ngluaisteán i Leamhchán, Co.Bhaile Átha Cliath aréir.

Bhí an carr dóite amach.

I ndiaidh do na seirbhísí dóiteáin an tine a mhúchadh a thángthas ar an gcorp i suíochán an phaisinéara sa ghluaisteán.

Tuigtear gurbh amhlaidh a lámhachadh an fear.

Beidh a fhios cén treo a ghlacfaidh an fiosrúchán nuair a bheidh torthaí an scrúdaithe iarbháis ar eolas.

Tá súil le baill ó Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána agus ó Oifig Phaiteolaí an Stáit ag an láthair níos deireanaí inniu.