Báthadh fear óg nuair a chuaigh an ghluaisteán a bhí á thiomáint aige i bhfarraige ag Céibh Pholl a' Mhadaigh, Oileán Árainn Mhór, Co Dhún na nGall. Tharla an timpiste nuair a shleamhnaigh an carr isteach sa bhfarraige ag bun na céibhe. Tháinig fear eile slán as an gcarr.

Céibh Pholl a' Mhadaigh, as ar shleamhnaigh carr an fhir óig a báthadh ar maidin


Tuairiscítear go háitiúil go mb'fhéidir go raibh siad ag casadh an chairr ar an gcéibh ag an am agus gur sciorr sí i bhfarraige.  Tuigtear go raibh Lee Early fostaithe ag an tseirbhís farantóireachta ar an oileán agus gurb ball deonach den Bád Tarrthála RNLI ar an Oileán é. 

Bratach oifigí an Gharda Cósta ar Árainn Mhór ar leathchrann in ómós na marbh


Tugadh corp an fhir a báthadh go hOspidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn do scrúdú iarbháis. Tuigtear gur fear ón oileán é agus go raibh sé ag tiomáint an chairr.  Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardai agus cuireadh an cróinéara ar an eolas.