Osclaíodh  Cartlann Shiobhán McKenna in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  Aisteoir, Stiúrthóir agus Gníomhaí Pobail ab ea Siobhán McKenna (1922 – 1986) a d'fhág a lorg ar shaol na tíre san fhichiú haois.

Bhí Uachtarán na hÉireann i láthair ag an ócáid speisialta ina raibh ábhar ó gach aon ghné de shaol an aisteora, stiúrthóra  agus gníomhaí pobail a thaispeáint.

Bhí cáil idirnáisiúnta ar scannáin agus  ar dhramaí Shiobháin McKenna. Ba í an chéad Éireannach í a bhuaigh  Gradam Tony in 1956. Bhí an Ghaeilge  lárnach ina saol agus ina gairm.

Thug teaghlach Shiobhán McKenna 55 bosca d’ábhar a bhain le saol na mná iomráitigh ar lámh d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.