Tá a mbáid tarrthála intíre go léir tarraingthe siar ag Gárda Cósta na hÉireann mar gheall ar imní faoi shábháilteacht a gcuid seaicéid tarrthála.

Deir an Garda Cósta go bhfuil an cás a phlé acu lena gcuid foirne cuardaigh agus tarrthála.

Tá a gcuid roghanna uilig a scrúdú acu, a deir an Garda Cósta.  Deir siad go bhfuil súil acu go dtiocfar ar réiteach go gairid.

Ní chuireann an fhadhb seo isteach ar Chumann na mBád Tarrthála mar gheall nach ionann na seaicéid tarrthála a úsáideann Cumann na mBád Tarrthála agus na cinn atá in úsáid ag Garda Cósta na hÉireann.