Tá leithscéal gafa ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee faoi theanga maslach a d'úsáid sí i dtvuíteanna ar Twitter roinnt blianta ó shin.

Bhuail an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le h-ionadaithe ón ghrúpa den lucht siúil Pavee Point agus ghabh a leithscéal faoin méid a scríobh sí.

Tá Lorraine Clifford Lee ina h-hiarrathóir i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath/Fine Gall sna fothoghcháin ar an 29 Samhain.

An t-iarAire Sláinte James Reilly ó Fhine Gael an t-iarrthóir is mó cáil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath/Fine Gall. Beidh Ann Graves ag seasamh do Shinn Féin, Duncan Smith do Pháirtí an Lucht Oibre, Joe O’Brien don Chomhaontas Glas agus Gemma O’Doherty Neamhspleách.

Dúirt an Seanadóir Clifford Lee go raibh aiféala uirthi faoin bhfeall agus go mbeadh sí ag obair leis an ghrúpa chun cabhrú lena bpobal as seo amach.

Dúirt Martin Collins ón ghrúpa Pavee Point go nglacann sé le leithscéal an Seanadóra.