Cuirfear béim ar Éire aontaithe a bhaint amach agus ar na comráití atá ag teastáil chuige sin ag Ard Fheis Shinn Féin i nDoire an deireadh seachtaine seo, a deir Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty.

Pléifear 166 rún ó chumainn éagsúla ag Ard Fheis an pháirtí i mbliana. Cuirfear tús leis an phlé ag 6.30pm tráthnóna.

Deir an Teachta Doherty nach dteastaíonnn uaidh dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil nó Fine Gael siocair go gcreideann sé gur páirtithe ón eite dheis iad a rinne damáiste don tír le blianta anuas.

Ag an Ard Fheis chomh maith, pléifear rún ó Chumann Shinn Féin an Fháil Charraigh a bhaineann leis an phróiseas óna cheadaítear feirmeacha oisrí.

Deirtear an rún gur cheart tréaslú le brúghrúpaí ar nós 'Sábháil Bá Bhaile an Easa' atá ag cur i gcoinne feirmeacha oisrí in áiteanna nach gcreideann siad atá fóirsteanach.

Cáintear an t-easpa comhairliúcháin poiblí a bhaineann leis an phróiseas iarrtha ceadúnais sa rún céanna.