Bhásaigh bean sna daichidí a bhí amuigh ag siúl i dtimpiste bhóthair ar an N68 i nDarach, cúig mhíle ó Bhaile na hInse i gContae an Chláir tráthnóna inné.

Tharla an timpiste a raibh gluaisteán páirteach ann ar an phríomhbhóthar idir Inis agus Cill Rois timpeall 7pm tráthnóna.

Tugadh an bhean go dtí Ospidéal na hOllscoile, Luimneach í, áit ar bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh sin de bharr na ngortuithe a bhain dí.

Níor gortaíodh tiománaí an ghluaisteáin, fear sna daichidí.

Rinne Gardaí scrúdú dlí-eolaíochta ar láthair na timpiste ar maidin agus tá siad ag iarraidh ar aon nduine a bhfuil eolas acu faoin timpiste dul i dteagmháil leo ag Stáisiún Ghardaí Bhaile na hInse ag 065-6848100.