Deir na Gardaí gur tugadh ocht nduine dhéag chun an ospidéil tar éis do bhus agus leoraí bualadh faoina chéile i gCo Mhuineacháin inniu.

Duine amháin acu atá gortaithe go dona. Deirtear nach bhfuil beatha an té sin i mbaol.

Tuigtear gur 30 duine a bhí ar an mbus nuair a tharla an eachtra ar bhóthar an N2 taobh amuigh de Bhaile na Lorgan tráthnóna.