Socrófar ag cruinniu d'fheidhmeannas náisiúnta Fhine Gael anocht an dtabharfaidh an páirtí cead don Teachta Dála Maria Bailey a bheith ina hiarrthóir sa chéad olltoghchán eile i ndáilcheantar Dhún Laoghaire.

D'iarr baill an pháirtí nach dtabharfaí cead don Teachta Bailey seasamh mar gheall ar an gconspóid a tharraing sí nuair a thug sí cas dlí in aghaidh óstáin tar éis di titim de luascán ann. 

Tharraing sí siar a héileamh ar chúiteamh ar an óstán ní ba dheireanaí.

Tá baill d'Fhine Gael i nDún Laoghaire míshásta leis an Teachta Bailey, ach is cosúil go mbraithfidh a bhfuil i ndán di ar a mbeidh le rá faoin gceist ag an Taoiseach Leo Varadkar.