Tá beirt fhear agus bean gafa ag na Gardaí faoin stiúrthóir i gcomhlacht Quinn Industrial Holdings Kevin Lunney a fhuadach agus a chéasadh dhá mhí ó shin. 

Os cionn scór bliain d'aois atá duine de na fir agus os cionn dhá scór atá an fear eile; amach sna caogaidí atá an bhean. 

Gabhadh iad tar éis do na Gardaí roinnt áiteanna a chuardach sa Chabhán, sa Longfort agus i mBaile Átha Cliath. 

Tá na Gardaí agus póilíní an Tuaiscirt ag déanamh comhair le chéile d'fhonn an dlí a chur ar an dream atá freagrach as an ionsaí ar Kevin Lunney agus as an imeaglú atá déanta ar stiúthóirí eile an chomhlachta le roinnt blianta. 

D'fhuadaigh triúr fear Kevin Lunney gar dá theach cónaithe i nDoire Loinn i gCo Fhear Manach ar 17 Meán Fómhair. Thug siad amach as a charr é agus chuir siad iallach air dul isteach i gcarr eile.

Thug siad drochbhualadh dó agus chaith siad amach ar thaobh an bhóthair é trasna na teorann i gCo an Chabháin. 

Dúirt siad leis go gcaithfeadh sé féin agus stiúrthóirí eile Quinn Industrial Holdings éirí as a bpoist sa chomhlacht.

Dúirt sé gur cheap sé ag an am go gcaillfí le taobh an chlaí é.

An tseachtain seo caite, bhásaigh an té is mó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney. Cailleadh Cyril McGuinness agus poilíní Derbyshire i mbun cuardaigh sa teach a raibh sé ann.  

Dúirt na húdaráis thall tráthnóna nár baineadh úsáid as Taser agus na póilíní á ghabháil.