Tá an t-aisteoir agus an fear grinn aitheanta Niall Tóibín tar éis bháis. Bhí sé 89 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall. 

Rugadh Niall Tóibín i dtuaisceart chathair Chorcaí sa bhliain 1929 - an dara duine ab óige i gclann ina raibh seachtar.

D'oibrigh sé i nGaeilge agus i mBéarla ar an raidió, ar an teilifís, ar an stáitse agus i scannáin, agus bhain sé gradam teilifíse Jacobs amach i 1973.

Sa bhliain 2010, bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh dochtúireacht oinigh air. An bhliain dar gcionn, bhronn Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann gradam saoil air agus in 2015 bronnadh saoirse chathair Chorcaí air. 

I measc na saothar i nGaeilge a raibh páirt ag an Tóibíneach iontu bhí an scannán Poitín a léirigh agus a stiúraigh Bob Quinn. 

I measc na scannán agus na ndramaí teilifíse eile a raibh sé páirteach iontu bhí Bracken, The Irish RM, Ballykissangel, Veronica Guerin agus The Clinic.

Cuimhneofar go geanúil freisin air i bpáirt Bhreandáin Uí Bheacháin in Borstal Boy, fear a raibh aithne mhaith aige air. Bhí an-scil aige sa scigaithris, agus bhí idir pholaiteoirí agus dhaoine mór le rá eile mar údar magaidh aige.

Chuir sé tús lena shaol aisteoireachta sna caogaidí nuair a ghlac sé páirt i ndráma Raidió Éireann. Bhí seal caite sa státseirbhís aige roimhe sin.

Tá gnéchlár a choimsiúnaigh RTÉ faoina shaol agus faoina shaothar le craoladh roimh dheireadh na bliana. 

Bhí Niall Tóibín pósta le Frances Judy Kenny a bhásaigh sa bhliain 2002. Maireann clann agus garchlann leo.