Dúirt Aire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe gur chóir don Teachta Dála Neamhspleách Noel Grealish soiléiriú a thabhairt ar an méid a dúirt sé inné i dtaca le hairgead a sheolann inimircigh abhaile.

Dúirt an tAire nár mhór don Teachta Grealish míniú a thabhairt faoin méid a dúirt sé maidir le tír ar leith agus faoin amhras atá air i dtaobh an airgid sheoltar as Éirinn chuig an tír sin. 

Sa Dáil inné, d'iarr Noel Grealish - Teachta Dála do Ghaillimh Thiar - ar an Taoiseach Leo Varadkar a dheimhniú nach airgead ó ghníomhaíochtaí coiriúla a sheolann roinnt daoine ón iasacht ar ais chuig a dtíortha dúchais. 

Mhaígh sé gur seoladh €3.4 billiún chun na Nigéire as an tír seo agus gur méid ollmhór airgid é sin. 

Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin, dúirt an tAire Donohoe go dtugann figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh le fios gur thart ar €17 milliún sa bhliain a sheoltar as Éirinn go tíortha eile. 

Dúirt sé go raibh dlíthe i bhfeidhm sa tír seo chun dul i ngleic le híocaíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil amhras fúthu.  

Ní heol dó, a dúirt sé, aon fhiosrúchán coiriúil a bheith ar bun faoi láthair maidir leis an gceist seo.