Dúirt iarcheannasaí TG4 agus RTÉ Cathal Goan go bhfuil neamhaird a déanamh ag an Rialtas ar mhaoiniú na craoltóireachta seirbhíse poiblí agus nár cheart dóibh fanacht cúig bliana le hathbhreithniú a dhéanamh air.

"Tá sé cosúil le bheith ag rá 'mair, a chapaill, agus gheobhair féar'. Faoin am a thiocfas féar an rialtais áirithe seo, beidh an capall áirithe seo marbh",  a dúirt iarcheannasaí RTÉ agus TG4.

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Céim Dochtúireachta Oinigh ar Chathal Goan inniu as a bhfuil déanta aige i gcúrsaí craoltóireachta, cultúir agus pobail.

"Is mór an onóir dom glacadh leis an rud seo, níl i ngeall orm féin ach i ngeall ar na rudaí a raibh baint agam leo," a dúirt Cathal Goan.

I mBéal Feirste a rugadh Cathal Goan sa bhliain 1954. B’ann a fuair sé a chuid oideachais sular fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Átha Cliath.

Chaith sé roinnt blianta ina Oifigeach Logainmneacha sa Choimisiún Logainmneacha sular thosaigh sé ag obair mar Chartlannaí in RTÉ in 1979.

Ní raibh sé rófhada in RTÉ nuair a fuair sé post mar léiritheoir raidió ar chláir laethúla cosúil le Day by Day le John Bowman, Today at Five agus The Pat Kenny Show. 

In 1988 bhog sé go Teilifís RTÉ agus bhí sé ina léiritheoir ar Today Tonight, an clár Cúrsaí Reatha agus ar Cúrsaí, an clár laethúil irise Gaeilge. Ceapadh in Eagarthóir ar Rannóg na gClár Gaeilge é in RTÉ sa bhliain 1990.

In 1994, ceapadh é ina chéad Cheannasaí ar Theilifís na Gaeilge (TG4). Ba eisean a bhí i gceannas ar TG4 nuair a seoladh an stáisiún, oíche Shamhna 1996.

Deir sé go ndeachaigh spiorád na foirne agus an fháilte a cuireadh roimh an tseirbhís tráth ar seoladh an stáisiún i bhfeidhm go mór air.

I mbliain na mílaoise, d'fhill sé ar Dhomhnach Broc agus cúram an Stiúrthóra Bainistíochta Teilifíse air. Bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ ó 2003 go dtí 2011.

Bhí sé ina bhall ar roinnt bord poiblí, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann agus ar Chompántas Drámaíochta an Druid i nGaillimh. Tá obair á déanamh aige go fóill le Fondúireacht Bhéaloideas Éireann agus Bord na hIrise Comhar, i measc eagraíochtaí eile.