Tá "cíníochas" curtha i leith an Teachta Dála, Noel Grealish tar éis dó a rá sa Dáil go bhfuil €8bn seolta amach as an stát le deich mbliana anuas.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách, a dhéanann ionadaíocht ar Ghaillimh Thiar, go bhfuil an t-airgead seolta chuig tíortha éagsúla, mar shampla an Pholainn, an Nigéir, an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc.

Cheistigh sé an raibh aon bhealach ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag an Roinn Airgeadais foinsí an airgid seo a lorg.

Bhí teannas sa Dáil nuair a dúirt an Teachta Dála Ruth Coppinger, Solidarity-Pobal Seachas Brábús, gur sampla náireach den chiníochas a bhí sa gceist.

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar, nár thuig sé céard a bhí ar intinn ag Noel Grealish leis an gceist agus dúirt sé gur i gcónaí san am atá caite, go seoladh Éireannaigh airgead abhaile ó na Stáit Aontaithe.