Dé réir suirbhé a rinneadh ar an gclár raidió Today with Seán O'Rourke ar RTÉ, deir breis agus leath de na Teachtaí Dála i nDáil Éireann gur bagraíodh an bás orthu. Agus dúirt go leor Teachtaí Dála ban gur bagraíodh éigniú orthu.

D’fheagair 54% des na Teachtaí Dála i nDáil Éireann an suirbhé. B’fhir iad 71% de na Teachtaí Dála a d’fhreagair é. Agus ba mhná iad 29% acu.

Dúirt 52% de na daoine a d’fheagair é gur bagraíodh an bás orthu. Agus dúirt 70% go ndearna bagairt fhisiciúil de chineál éigin orthu.

Dúirt 37% díobh gur bagraíodh ar a dteaghlaigh.

Ní raibh mórán Teachtaí Dála sásta labhairt go poiblí ar an gceist seo. Ach dúirt Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre go ndéantar na bagairtí chomh minic sin gur rud comónta é faoin tráth seo. Dúirt sé go gcuireann sé mór leis an deacracht go bhfuil na meáin shóisialta ann anois agus gur féidir le daoine tromaíocht a dhéanamh ar Theachtaí Dála ar na gréasáin siúd.