De réir rialacha fógraíochta atá ag le teacht i bhfeidhm inniu, beidh bac ar chomhlachtaí dí fógraí faoina gcuid táirgí a chur in airde gar do scoileanna, i bpáirceanna spraoi nó ar na seirbhísí iompair poiblí.

Beidh cosc freisin fógraí de dheochanna meisciúla a chur i bpictiúrlanna ina bhfuil scannáin atá feiliúnach do dhaoine óga faoi 18 bliain, á dtaispeáint.

Ní bheidh cead mannaí nó pictiúir a dhéanann fógraíocht ar alcól a bheith ar éadaí gasúr.

Tá fáilte curtha ag an eagraíocht Drinkaware roimh na hathruithe nua agus dúirt siad gur céim chun cinn iad le deileáil leis an bhfadhb atá sa tír seo, ó thaobh daoine óga a bheith ag ól