Tá cóir leighis á cur ar leanbh, sé seachtainí d'aois, ag Ospidéal Ollscoile Leanaí Sráid an Teampaill de bharr go bhfuil sí gortaithe go dona tar éis eachtra ag teach i gContae na Mí.

Cuireadh fios ar na Gardaí teacht go teach i gCill Dhéagláin thart ar 7am maidin inné.

Tugadh an leanbh go hOspidéal Ollscoile Leanaí Sráid an Teampaill, áit a bhfuil drochbhail uirthi.

Baineadh mionghortuithe do bhean sna fichidí san eachtra.

Tá fear sna fichidí gafa agus tá sé á cheistiú ag stáisiún na nGardaí i gCill Dhéagláin.