Fuair bean aosta bás i dtine i dteach i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath aréir.

Chuaigh an teach trí thine ar Bhóthar Shoird cóngárach d'Aerfort Bhaile Átha Cliath thart ar 11pm aréir.

Bhí an bhean sna nóchaidí.

D’fhreastail criúanna de chuid Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ó Shord, Fionnghlas agus Cill Bharróg ar an láthair.