Tá fineál €5m gearrtha ar an stát mar gheall ar nach ndearna siad measúnú ar an tionchar a bheadh ag feirm ghaoithe i ndeisceart Chontae na Gaillimhe ar an timpeallacht ansin.

Agus gearrfear €15,000 sa mbreis ar an tír go laethúil go dtí go comhlíonfaidh Éirinn an dualgas atá uirthi a leithéid de mheasúnú a dhéanamh. Baineann an dualgas le rialú de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a rinneadh i 2008.

Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcoinne an stáit i rialú a chuir siad ar fáil ar maidin. Bhí argóintí déanta ag an stát nach raibh dualgas orthu measúnú timpeallachta a dhéanamh ar Fheirm Ghaoithe Dharaidh Bhraoin, ach níor ghlac an Chúirt Bhreithiúnais leis na argóintí sin.