Chuaigh Altraí Síciatracha i mbun agóidíochta trathnóna chun aird a tharraingt ar an ró-phlódú san aonad síciatrach in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.

Tá 44 leaba san aonad síciatrach agus deir na haltraí nach bhfuil an áit oiriúnach beag ná mór d'othair ná do na hoibrithe.

Teastaíonn uathu go gcuirfeadh an Rialtas tuilleadh achmhainní ar fáil san aonad go pras.

Tuigtear gur thug an Coimisiún Meabhair Shláinte cuairt gan choinne ar an aonad aréir.

Tá foláireamh tugtha cheana fhéin ag an gCoimisiún do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - maidir leis an aonad síciatrach i bPort Láirge.