Bhí sprid na Nollag le braith i gCorca Dhuibhne aréir agus leabhar nua atá dírithe ar an bhféile á sheoladh. 

Cnuasaithe ag Máirín Uí Shé agus foilsithe ag An Sagart deánann Órchiste Nollag ceiliúradh ar ghnéithe éagsúla na féile, ó scéal na Nollag féin go dtí an Béaloideas agus na traidisiúin dhúchasacha a leanann í.

B'é Tadhg Ó Dúshláine a sheol an leabhar i mBaile an Fheirtéaraigh aréir agus do chuir aoíonna speisialta giotaí ón gcnuasach i láthair.

Tagann na sleachta éagsúla atá sa leabhar ó fhoinsí béil agus ó fhoinsí scríofa. Tá idir scéalta, carúil, dánta, cuimhní cinn, seanfhocail agus nósmhaireachtaí a bhaineann leis an bhféile bheannaithe cnuasaithe sa leabhar. 

Deir an t-údar Máirín Uí Shé go mbaineann an t-ábhar le ceantracha éagsúla ar fud na tíre ach go bhfuil béim faoi leith ar na ceantair Ghaeltachta. 

"Is breá liom féin an Nollaig, gach rud a bhaineann léi, an scóp agus an t-aoibhneas agus an t-áthas a bhíonn ar na daoine agus an tnúth a bhíonn acu leis an Nollaig agus theastaigh uaim ceiliúradh a dhéanamh ar an dtraidisiún ársa atá againn féin sa tír seo atá lán de shaibhreas agus de dhraíocht."