D'fhreastail na céadta ar Aifreann Sochraide an chraoltóra Gay Byrne i Leas-Ard Eaglais Bhleá Cliath inniu. 

Mhair Gay Byrne i mBinn Éadair ar feadh blianta fada agus chuaigh an cortège sochraide trí shráidbhaile Bhinn Éadair ar maidin ag tabhairt deis do mhuintir na háite omós a thabhairt don gcraoltóir mór le rá. 

D'fhág cónra Gay Byrne a theach cónaithe i mBinn Éadair go gairid i ndiaidh a 11 a chlog agus thaisteal sé Bóthar an Chósta isteach go lár na cathrach, turas a thug Gay Byrne faoi gach maidin tráth lena chlár raidió a chur i láthair.

Bhí an tUachtarán Micheal D. Higgins, an Taoiseach Leo Varadkar, iar-chomhghleacaithe chomh maith le maithe agus móruaisle na craoltóireachta agus na cultúrtha ina measc siúd a chruinnigh ag Leas Ardeaglais Mhuire lena n-ómós a léiriú don gcraoltóir. Bhí slua cruinnithe taobh amuigh chomh maith lena n-ómós a léiriú.

Le linn Aifreann na Sochraide, ghabh iníon Gay Byrne, Suzy O' Byrne buíochas leo siúd a thug cúraim dá hathair le linn do a bheith breoite. Ghabh sí buíochas lena h-athair agus luaigh sí an file Brendan Kennelly a dúirt gur thug tú foicle, smaointe, ceol agus amhránaíocht dúinn.

Ina aitheasc, dúirt an Príomh-Cheiliúraí, An tAthair Leonard Maloney, gur fear ar leith a bhí i Gay Byrne a shaibhrigh saol na hÉireann.

Ina aitheasc molta dúirt Iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ, Bob Collins gur treoraí agus compánach tábhachtach a ba Gay Byrne agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ré nua-aoiseach.  Bhí a chroí istigh ina bhean Kathleen agus a iníonacha, Suzi agus Crona, a dúirt sé.

Cuireadh Gay Byrne i gcré na cille i Reilig Naomh Fhionntáin i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath tráthnóna.