Tugadh fear 26 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Luimní inniu agus é cúisithe maidir le dúnmharú Brooklyn Colbert a bhí aon bhliain déag d'aois. 

Tháinig na Gardaí ar chorp Brooklyn Colbert go gairid tar éis seacht a chlog ag teach ar bhóthar na Seanbhuaile i mBaile Uí Neachtain i dTuaisceart Chathair Luimní tráthnóna Dé Domhnaigh, an 3ú Samhain. 

Cuireadh Patrick Dillon le seoladh baile ag Páirc Dháil gCais, Maigh Rois siar faoi choinneáil go Príosún Luimní agus tabharfar os comhair na cúirte arís é ar an 12ú Samhain.

Tugadh Patrick Dillon a bhfuil gaol aige le Brooklyn Colbert chun na cúirte ar maidin ó Stáisiún na nGardaí ar shráid Anraí i gCathair Luimní, áit a raibh sé á choinneáil le linn na seachtaine.

Bhí athair Brooklyn Colbert, Wayne agus baill eile den dteaghlach sa chúirt ar maidin. 

D'iarr Dlíodóir Patrick Dillon, Julianne Kiely, go gcuirfí an cás siar agus go gcuirfí cóir leighis síciatrach ar fáil do Patrick Dillion chomh luath agus is féidir. 

Tiocfaidh Patrick Dillon os comhair na cúirte arís Dé Máirt seo chugainn, an 12ú Samhain.