Tá oifigigh ón mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB)bruidiúil i gceantar na teorann ó mhaidin i mbun fiosruithe faoi airgeadais chomhlachtaí iompair.

D'éirigh leo feithiclí a thógáil chomh maith le hairgead, cáipéisí agus goiris.

Chuardaigh CAB 7 dteach cónaithe ar fad, chomh maith le hionaid ghnó atá ag comhlachtaí iompair i gCo.Mhuineachán.

Fuair sé airgead tirim le linn an chuardaigh, airgead i Euro, Sterling agus Dollar.

Tá fiosrúchán ar bun ag CAB le bliain i dtaca leis seo, agus níl sé ach 3 lá ó shin ó thóg sé 2 leorraí agus leantóir i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Níl aon duine gafa faoi seo go fóill.