Tá Éireannach sna 50-idí gafa maidir leis an 15 duine a dtángthas orthu i gcúl leorraí i Wiltshire i Sasana.

Tá amhras ann go raibh an fear ag tabhairt cúnamh leis na daoine a thabhairt isteach sa tír go mídhleathach.

B'eisean a bhí ag tiomáint an leorraí.

Dúirt an comhlacht,  'Seán Delaney International Transport' as Gleann Maighir i gCorcaigh, ar leo an leorraí,go nglacann siad fhéin nach bhfuil tada mícheart déanta ag an gcomhlacht ná ag an tiománaí.

Ceaptar anois gurbh é an tiománaí sin a chuir glaoch ar na póilíní agus go bhfuil sé ag comhoibriú leis na póilíní i Swindon faoi láthair.

Stop na póilíní an leorraí ar bhóthar an A350 lámh le Chippenham tráthnóna aréir.

Tuigtear gur idir 16-30 bliain d'aois atá na daoine a dtángthas orthu, fir ar fad atá i gceist ach níltear cinnte cén tír ar as dóibh go fóill.

Tá siad ar fad faoi choinneáil i Melksham agus Swindon.