Tá an craoltóir náisiúnta RTÉ ag iarraidh scaoileadh le 200 dá bhall fóirne, féachaint le dul i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais sa stáisiún.

Tá plean aige stiúideonna i Luimneach a dhúnadh, an tseirbhís Aertel a dhúnadh, agus an RTÉ Guide a dhíol.

Tá sé i gceist freisin gur ó Chorcaigh agus Baile Átha Cliath a chraolfar Lyric FM, agus nach beidh aon lonnaíocht aige i Luimneach faoina pleananna nua seo.

Níl sé i gceist go mbeadh Lyric lonnaithe i Luimneach a thuilleadh

Ach deir RTÉ go mbeidh stiúideo aige i Luimneach i gcónaí ar mhaithe le cúrsaí nuachta.

Aistreofar cúraimí na Ceolfhoirne Siansaí Náisiúnta chuig an Cheol Áras Náisúnta.

Ceolfhoirne Siansaí Náisiúnta

Cuirfear deireadh leis na stáisiúin raidio dhigiteacha.

Teastaíonn ó Raidió Teilifís Éireann €60m a shábháil as seo go ceann 3 bliana.

Geallann sé tuarastal láithreoirí ar chonradh a ghearradh 15%, agus an tuarastal do bhaill ar an mBord Feidhmitheach a laghdú 10%.

Ard Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes

Creideann RTÉ nach bhfuil an córas ceadúnais teilifíse ag oibriú, agus go bhfuil baint dhíreach aige sin le fadhbanna airgeadais an stáisiúin.

'Tá gá le córas eile' a dúirt sé.

B'éigean do bhainistíocht RTÉ sonraí na gciorruithe a chur os ard inniu ó sceitheadh an scéal ar an Irish Times aréir.

Dúirt ardstiúrthóír RTÉ Dee Forbes gur trua gur mar sin a rinneadh an fógra.