Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh beirt fhear a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall i mbean óg a éigniú in árasán. 

Phléadáil an bheirt fhear as Gána - Boakye Osei, 29 bliain d'aois a bhfuil seoladh aige i mBun na hAbhann, agus Kelvin Opoku, 33 bliain a bhfuil seoladh aige i Leitir Ceanainn - neamhchiontach san éigniú a tharla sa chontae i mí Feabhra 2015.

Le linn na trialach, dúirt an bhean go raibh sí amuigh ag ól in éineacht le cara léi i gclub oíche. Ag deireadh na oíche, a dúirt sí, bhí sí ar meisce agus is ar éigean a bhí sí ábalta siúl abhaile dá bharr. 

Dúirt sí go raibh an bheirt fhear i ngluaisteán agus gur thairg siad síob di. Thug siad go hárasán í agus thairg siad deoch di, a dúirt sí. 

Dúirt sí gur cuimhin léi a bheith ina luí ar leaba agus gurb in an uair a d'éignigh na fir í. 

Dúirt sí go raibh sí "caochta dall" agus nach bhféadfadh sí toiliú le caidreamh collaí.

Cuireadh an bheirt fhear siar faoi choinneáil go dtí 13 Eanáir tráth a ghearrfar pionós orthu.