Tá an tAthair Des Wilson as Béal Feirste, a raibh baint mhór aige le cúrsaí pobail agus cúrsaí síochána sa Tuaisceart tar éis bháis. Bhí sé 94 bliain d'aois.

Bhí sé de cháil air go raibh sé thar a bheith ábalta ag deanamh idirbheartaíochta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe.

Dúirt iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams nach mbeadh próiséas síochána ann murach an obair a rinne an tAthair Wilson in éineacht leis an Athair Alex Reid.

Laoch na ndaoine a thug Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ar an Athair Wilson, agus thug sé ardmholadh dá chuid oibre i gcúrsaí cearta daonna agus sa phróiseas síochána.

B'as Bóthar Ormeau i mBéal Feirste ó dhuchás é Des Wilson agus chaith sé os cionn leathchéad bliain ó 1966 ag freastal ar phobal Caitliceach na cathrach. 

Cuirfear an tAthair Wilson i mBéal Feirste Dé Sathairn seo chugainn.

Léifear an tAifreann éagnairce i Séipéal Chorp Chríost i mBaile Uí Mhurchú ag 10 a chlog maidin Shathairn.