skip to main content

Fiosrúchán faoi bhás mná scothaosta i gCiarraí

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i Lios Tuathail i gCo Chiarraí faoi bhás mná os cionn ceithre scór bliain a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe sa Bhaile Dubh ag thart ar mheánlae inniu.

Níl na Gardaí ag ligean aon duine i ngaobhar an tí atá thart ar chiliméadar ón mbaile agus tá siad le scrúdú teicniúil a dhéanamh ar an áit.

Tuigtear go raibh an bhean ina cónaí ina haonar agus nach bhfacthas le roinnt laethanta í.